Tá do chiseán folamh

An Hobad

€39.95
“I bpoll sa talamh a bhí cónaí ar hobad. Níor pholl gránna, salach, fliuch é, lán le giotaí de phéisteanna agus le boladh láibe. Níor pholl tirim, lom, gainmheach a bhí ann ach an oiread, gan aon rud ann le n-ithe ná le suí síos air; poll hobaid ab ea é agus is ionann sin agus compord.”

Bhí gnaoi an phobail riamh leis an sárscéal fantasaíochta seo faoi hobad darb ainm Biolbó Baigín agus é á sciobadh chun siúil gan choinne ar eachtra fhada in éineacht le Gandalf Draoi agus le trí abhac déag. Is scéal An Hobad faoi thuras a dhéanann Biolbó i gcuideachta na n-abhac le teacht ar thaisce ór a bhfuil dragan i seilbh uirthi.

Is dá pháistí féin a scríobh an tOllamh Tolkien an scéal an chéad lá agus bhain an bunleagan Béarla cáil dhomhanda amach a thúisce is a foilsíodh é. Anois tá leagan Gaeilge le fáil den chéad uair riamh in aistriúchán den scoth leis an Ollamh Nicholas Williams. Feicfear sa leabhar na pictiúir agus na léirscáileanna uile a rinne an t-údar féin.

Chur sa tralaí:

  • Meá postas: 0.6KGs
  • 8 Earraí i stoc
  • Fhoilsitheoir: Evertype
  • Udar: J. R. R. Tolkien
  • ISBN 10:
  • ISBN 13:



 

Cheannaigh custaiméir a cheannaigh seo na rudaí seo chomh maith...