Skip to content
Glaoigh orainn/Call us: +353 (0) 1 478 3814

I mBéal an Phobail

Míreanna Mearaí Adhmaid – Sa Bhaile

Seit blocanna adhmaid a thagann le chéile chun suíomh baile a chruthú, agus stór focal Gaeilge ar na blocanna. Déanta ag Alphabet Jigsaws.

Míreanna Mearaí Adhmaid – An Siopa – Uimhreacha

Míreanna mearaí adhmaid – sa siopa! Aois 3+

Prionta A4 – Sliogáin Mhara na hÉireann (Nine Arrow)

Prionta A4 le Nine Arrow de shliogáin mhara choitianta na hÉireann.

Prionta A4 – Aibítir | Cló Gaelach (Nine Arrow)

Prionta A4: an aibítir sa chló Gaelach, deartha ag Nine Arrow. Níl fráma leis.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Amuigh Faoin Spéir

Seit blocanna beaga adhmaid ar féidir iad a chur le chéile nó a bhaint dá chéile.

Thirty-Two Words for Field – Lost words of the Irish landscape

Saothar le Manchán Magan (i mBéarla) faoi théarmaí Gaeilge.

Prionta A4 – Samhlaíocht | Carn leabhar (Nine Arrow)

Prionta A4 le NineArrow. Níl fráma leis. Tá cairtchlár tiubh taobh thiar de.

That Place we Call Home

Leabhar Béarla le John Creedon mar gheall ar logainmneacha na hÉireann.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Dathanna (Bogha Báistí/Tuar Ceatha)

Míreanna Mearaí Adhmaid: Dathanna (Bogha Báistí/Tuar Ceatha). Na dathanna atá san áireamh sa seit seo: dubh, bán, bándearg, donn, liath, corcra, gorm, glas, buí, oráiste agus dearg.

An File Mícheál Ó Gaoithín – The Blasket Painter – Selected and Introduced by Maria Simonds-Gooding

Leabhar faoi sceitseanna agus obair phéinteála a rinne Mícheál ‘An File’ Ó Gaoithín.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Contaetha na hÉireann (Éire) Ildaite

Míreanna mearaí déanta as adhmaid. Contaetha na tíre ar bhlocanna beaga adhmaid, ar féidir iad a bhaint dá chéile nó a chur ar ais san áit cheart. Oiriúnach do pháistí in aois 5+.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Cruimhíní

Míreanna mearaí adhmaid, cruimheanna beaga bídeacha! Aois 3+ Ó bholb go féileacán, bóín Dé agus beach – seo cuid de na cruimhíní a fheictear sa ghairdín.

Prionta A4 – Bród (NineArrow)

Prionta A4 le NineArrow.

Listen to the Land Speak – A journey into the Wisdom of what lies Beneath Us

Leabhar le húdar ‘Thirty-Two Words for Field’ agus ‘Tree Dogs, Banshee Fingers and other words for Nature’.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Ainmhithe Feirme

Is breá le feirmeoirí óga na Míreanna mearaí adhmaid. Is féidir feirm bheag a dheanamh leis an seacht n-ainmhí nó iad a chur le chéile mar aonad iomlán. Is bréagán iontach, láidir iad seo do lámha beaga agus do dhaoine ag foghlaim an teanga. Tá cuma alainn air leis!

Míreanna Mearaí Cairtchláir A3 – Na Lochlainnaigh

Mireanna mearaí cairtchláír A3 a leiríonn cúrsaí taistil na lochlainnaigh

**Réamhordú – Bealtaine 2024** Bran – Bréagán agus Leabhar i mBosca

Bréagán beag bog agus leabhar le chéile. Toisí an bhréagáin: 6x4x3 orlach. #SpraoiLeBran

Gluais de Théarmaí Teileachumarsáide Béarla-Gaeilge (ar athláimh)

Telecom Éireann 1991. Leabhrán bog, riocht an-mhaith. Stór focal a ghabhann leis an teileachumarsáid ag tús na nóchaidí.

Roparz Hemon (ar athláimh)

Kunioù & Hengoun lennegel ar Brezhoneg. Cuimhní cinn agus traidisiún liteartha na Briotáinise. Clúdach bog, i riocht maith. Síniú an iar-úinéara laistigh. Greamán ar cúl.

Sgéalta an tSáirsint Rua (ar athláimh)

Pádraic Ó Conaire. An Press Náisiúnta, gan dáta. Clúdach bog, riocht cuibheasach maith. Dath an chlúdaigh ídithe, smáil air, agus lúbtha. Na cúinní caite agus meirg ar na stáplaí. Clúisíní cait ar cúpla leathanach. Smáil ar roinnt leathanaigh ach iad glan seachas sin. Stampa iar-leabharlainne agus beagáinín scríbhneoireachta air.

Scáthán Véarsaí (ar athláimh)

Seán Ó Ríordáin, Sáirséal agus Dill. An Chéad Chló 1980. Clúdach crua le smáil gan fhorchlúdach. Riocht maith. Bloc téacs glan.

Megalithic Art in Ireland (ar athláimh)

Dr Muiris O’Sullivan. Country House, 1993. Clúdach bog, riocht cuibheasach maith. Leathanaigh an-ghlan.

Sean-Dair agus Scéalta Eile (ar athláimh)

Liam Prút. Coiscéim,1985. Clúdach bog, riocht an-mhaith. 66 lch

Beathaisnéis a Naoi – Forlíonadh agus Innéacsanna (ar athláimh)

Diarmuid Breathnach agus Máire Ní Mhurchú. An Clóchomhar Teoranta, 1997. Clúdach crua, le forchlúdach. Riocht an-mhaith, cúpla marc an an bhforchlúach.

An Léirmheastóir (ar athláimh)

Críostóir Ó Raghallaigh, 1932. Brian agus Ó Nualláin, 22 lth. Crua, riocht maith go leor

Dear Mrs. Kennedy (ar athláimh)

The world shares its grief letters, November 1963. Jay Mulvaney agus Paul De Angelis. St. Martin’s Press. Clúdach crua le forchlúdach. Riocht an-mhaith. Bloc téacs an-mhaith

Éanlaith Fhra Angelico (A) (ar athláimh)

Antonio Tabucchi. Máire NIc Mhaoláin a chuir i nGaeilge. Coiscéim, 1987. Clúdach bog i riocht maith. Dorchú ar na leathanaigh agus ruachan ar an leathanach teidil.

Nuabhéarsaíocht 1939-1949 (ar athláimh)

Seán Ó Tuama. Sáirséal agus Dill, 1968. Clúdach crua le forchlúdach plaisteach. Riocht maith. Dath an chlúdaigh ídithe in áiteanna, roinnt smál beaga air. Bloc téacs an-ghlan.

Margadh na Saoire (ar athláimh)

Máire Mhac an tSaoi. Sáirséal agus Dill, an chéad chló 1956. Clúdach crua gan fhorchlúdach, riocht maith go leor. Smál ar an chlúdach agus dath ídithe in áiteanna. Ainm an iar-úinéara scríofa taobh istigh. Dorchú ar na leathanaigh ach iad an-ghlan.

Teach an Chrochadóra [1935] (ar athláimh)

Hangman’s House le Donn Byrne. Seosamh Mac Grianna do chuir Gaedhilg air. Oifig Díolta Foillseacháin Rialtais. 564lth. Clúdach crua, níl forchlúdach leis. Smál beag ar an gclúdach, marc chun tosaigh. An bloc téacs an-glan. Riocht maith.

Italian Painting – Byzantine to Renaissance (ar athláimh)

Galienne Francastel. Translated by W.J. Strachan. A. Zwemmer Ltd., 1956. Clúdach crua le forchlúdach plaisteach. Riocht maith go leor. Deannach agus smáil ar an bhforchlúdach, atá stróicthe in áiteanna. Píosa scríbhneoireachta agus ruachana ar na leathanaigh cheangail. Bloc téacs an-ghlan.

Mapping Ireland – from Kingdoms to Counties (ar athláimh)

Seán Connors. Mercier Press, 2001. Clúdach bog, riocht maith. Cúinní fíorbheagáinín lúbtha, smál beag ar an chlúdach. Bloc téacs an-ghlan.

Turas Éireann (ar athláimh)

Lorcán Ó Treasaigh. An Clóchomhar Tta., 1997. Clúdach bog, riocht an-mhaith. Sínithe ag an údar. Roc agus marc ar an chlúdach.

Focklioar Giare Gaelg-Baarle: (ar athláimh)

A Short Dictionary of Manx Gaelic. William Wood. Alex MacLaren & Sons, 1950. Leabhrán bog, i riocht cuibheasach maith. Dorchú agus smál ar an gclúdach.

Tonn Tuile [1947, bog] (ar athláimh)

Séamus Ó Néill. Sáirséal agus Dill, an chéad chló 1947. Clúdach bog, riocht an-mhaith. Cúpla smál an-bheag ar an chlúdach, caite beagáinín ar barr. Na leathanaigh dorcha ach an-ghlan.

An Claíomh Geal (ar athláimh)

Críostóir Ó Floinn. Sáirséal agus Dill, an chéad chló 1953. Clúdach crua le forchlúdach plaisteach. Riocht an-mhaith. Beagáinín caite sna cúinní. Na leathanaigh dorcha ach an-ghlan.

Aisteoirí Faoi Dhá Sholas (ar athláimh)

Mícheál Mac Liammóir. Sáirséal agus Dill, 1956. Clúdach crua, gan forchlúdach. Riocht an-mhaith. Cúinní an droim lúbtha, cúpla marc beag ar an chlúdach. Ainm an iar-úinéir scríofa taobh istigh.

Leabhair Scoile

Bunscoil

Meánscoil