Skip to content
Glaoigh orainn/Call us: +353 (0) 1 478 3814

I mBéal an Phobail

Míreanna Mearaí Adhmaid – Ainmhithe Feirme

Is breá le feirmeoirí óga na Míreanna mearaí adhmaid. Is féidir feirm bheag a dheanamh leis an seacht n-ainmhí nó iad a chur le chéile mar aonad iomlán. Is bréagán iontach, láidir iad seo do lámha beaga agus do dhaoine ag foghlaim an teanga. Tá cuma alainn air leis!

Míreanna Mearaí Adhmaid – Contaetha na hÉireann (Éire) Ildaite

Míreanna mearaí déanta as adhmaid. Contaetha na tíre ar bhlocanna beaga adhmaid, ar féidir iad a bhaint dá chéile nó a chur ar ais san áit cheart. Oiriúnach do pháistí in aois 5+.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Sa Bhaile

Seit blocanna adhmaid a thagann le chéile chun suíomh baile a chruthú, agus stór focal Gaeilge ar na blocanna. Déanta ag Alphabet Jigsaws.

Prionta A4 – Aibítir | Cló Gaelach (Nine Arrow)

Prionta A4: an aibítir sa chló Gaelach, deartha ag Nine Arrow. Níl fráma leis.

An File Mícheál Ó Gaoithín – The Blasket Painter – Selected and Introduced by Maria Simonds-Gooding

Leabhar faoi sceitseanna agus obair phéinteála a rinne Mícheál ‘An File’ Ó Gaoithín.

Prionta A4 – Bród (NineArrow)

Prionta A4 le NineArrow.

Listen to the Land Speak – A journey into the Wisdom of what lies Beneath Us

Leabhar le húdar ‘Thirty-Two Words for Field’ agus ‘Tree Dogs, Banshee Fingers and other words for Nature’.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Cruimhíní

Míreanna mearaí adhmaid, cruimheanna beaga bídeacha! Aois 3+ Ó bholb go féileacán, bóín Dé agus beach – seo cuid de na cruimhíní a fheictear sa ghairdín.

That Place we Call Home

Leabhar Béarla le John Creedon mar gheall ar logainmneacha na hÉireann.

Míreanna Mearaí Cairtchláir A3 – Na Lochlainnaigh

Mireanna mearaí cairtchláír A3 a leiríonn cúrsaí taistil na lochlainnaigh

Thirty-Two Words for Field – Lost words of the Irish landscape

Saothar le Manchán Magan (i mBéarla) faoi théarmaí Gaeilge.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Amuigh Faoin Spéir

Seit blocanna beaga adhmaid ar féidir iad a chur le chéile nó a bhaint dá chéile.

Prionta A4 – Samhlaíocht | Carn leabhar (Nine Arrow)

Prionta A4 le NineArrow. Níl fráma leis. Tá cairtchlár tiubh taobh thiar de.

Míreanna Mearaí Adhmaid – An Siopa – Uimhreacha

Míreanna mearaí adhmaid – sa siopa! Aois 3+

Míreanna Mearaí Adhmaid – Dathanna (Bogha Báistí/Tuar Ceatha)

Míreanna Mearaí Adhmaid: Dathanna (Bogha Báistí/Tuar Ceatha). Na dathanna atá san áireamh sa seit seo: dubh, bán, bándearg, donn, liath, corcra, gorm, glas, buí, oráiste agus dearg.

Prionta A4 – Sliogáin Mhara na hÉireann (Nine Arrow)

Prionta A4 le Nine Arrow de shliogáin mhara choitianta na hÉireann.

**Réamhordú – Bealtaine 2024** Bran – Bréagán agus Leabhar i mBosca

Bréagán beag bog agus leabhar le chéile. Toisí an bhréagáin: 6x4x3 orlach. #SpraoiLeBran

Bligeard Sráide (ar athláimh)

Michael Davitt. Coiscéim, 1983. Líníocht le Michael Mulcahy. Clúdach bog, riocht maith, smál beag ar an gclúdach.

An Geall a Briseadh (ar athláimh)

Tomás Bairéad. Oifig Díolt Foillseacháin Rialtais, 1946. Clúdach crua, gan forchlúdach. Riocht maith. Cúinní caite, smál ar an chlúdach. Leathanach cheangal gearrtha ón leabhar. Dorchú ar na leathanaigh.

Saints & Scholars (ar athláimh)

Terry Eagleton. Futura, 1987. Clúdach bog, riocht maith. Dath ídithe agus marcanna air. Dorchú ar an taobh agus na leathanaigh.

The English Face of Irish Nationalism (ar athláimh)

Parnellite Involvement in British Politics, 1880-86. Alan O’Day. Gill & Macmillan, 1977. Leabhar crua, le forchlúdach. Dath ídithe ar an bhforchlúdach agus é stróicthe beagáinín, spotaí air. Leabhar crua féin i riocht maith.

An tAthair William Bathe, C.Í. 1564 – 1614 Ceannródaí sa Teangeolaíocht (ar athláimh)

Seán P. Ó Mathúna. Oifig an tSoláthair, 1980. Clúdach crua, forchlúdach leis. Riocht an-mhaith. Smál beag ar an bhforchlúdach ar cúl

Dánta 1939-1979 (ar athláimh)

Máirtín Ó Direáin, An Clóchomhar 1980. Clúdach bog, riocht an-mhaith.

Measgra Dánta II (Miscellaneous Irish Poems) (ar athláimh)

Curtha in eagar ag Thomas F. O’Rahilly. Cork University Press, 1927. Téaxaí Gaeilge as LSS – II., Cuid 2. Clúdach bog, i riocht cuibheasach caite. Clúdach éalaithe ón droim, smál agus dorchú ar an gclúdach agus ar chuid desna leathanaigh. Nótaí breactha ar na leathanaigh laistigh, ainm an iar-úinéara ar an leathanach teidil.

Cogadh ‘gus Cathú (ar athláimh)

Colm Mac Confhaola. Coiscéim, 2002. Clúdach bog, riocht an-mhaith.

Codladh an Ghaiscígh (ar athláimh)

Máire mhac an tSaoi. Sáirséal agus Dill 1973, an chéad chló. Clúdach crua, forchlúdach plaisteach leis. Riocht an-mhaith. Smál beag ar an imeall, ar an bhforchlúdach plaisteach.

Lá Dá bhFaca Thú (ar athláimh)

Críostóir Ó Floinn. Cló Morainn, An Chéad Chló 1955. Clúdach crua gan fhorchlúdach, i riocht cuibheasach maith. Smal beag in áiteanna ar an gclúdach. Dorchú ar na leathanaigh. Bloc téacs an-ghlan. Smál agus ruachan ar an leathanach ceangal.

Oghma 9 (ar athláimh)

Foilseacháin Oghma, 1997. Eagarthóirí: Seosamh Ó Murchú, Micheál Ó Cearúil, Antain Mag Shamhráin. Clúdach bog, riocht an-mhaith

Gaedhealachas i gCéin (ar athláimh)

Liam P. Ó Riain. 1933. Oifig Díolta Foillseacháin Rialtais. Clúdach crua, é píosa beag caite agus marc ar an droim. Ruachan ar chuid de na leathanaigh. Spotaí ar an imeall. Stampa iarleabharlainne air.

Ó Thuaidh! (ar athláimh)

Pádraig Ua Maoileoin. Sáirséal Ó Marcaigh, 1983. Clúdach crua le forchlúdach, riocht maith. Forchlúdach fíorbheagáinín caite agus roinnt smál air.

An Choill Bheo (ar athláimh)

Éilís Diolún, an chéad chló, Oifig an tSoláthair, 1948. Clúdach leath-chrua, forchlúdach leis. Forchlúdach caite ar an imeall agus stróicthe ar bun sa lár. An leabhar féin i riocht an-mhaith, an-ghlan.

Comhlucht na Maide Mianach (ar athláimh)

Freeman Wills Crofts. Seán Mac Maoláin a d’aistrigh. Oifig Díolta Foilseacháin Rialtais, 1933. Clúdach crua, gan forchlúdach. Imill caite, dath ídithe agus smál ar an chlúdach. Dorchú agus spotaí ar an taobh.

Ór na h-Aitinne (ar athláimh)

Tomás Bairéad. Faoi Chomhartha na dTrí gCoinneal. An Chéad Cló, 1949. Clúdach bog, le forchlúdach páipéir. Riocht maith go leor. Forchlúdach caite agus smál air. Smál ar na leathanaigh cheangail. Bloc téacs an-ghlan.

A’ Càradh an Rathaid (ar athláimh)

Maoilios M. Caimbeul. Leaganacha Gaeilge le Liam Prút. Coiscéim, 1988. Clúdach bog, riocht an-mhaith. Cúpla smál beag ar an chlúdach.

Oghma (ar athláimh)

Foilseacháin Oghma, 1989. Eagarthóirí: Seosamh Ó Murchú, Micheál Ó Cearúil, Antain Mag Shamhráin. Clúdach bog, riocht an-mhaith

Conradh na Gaeilge – Ardfheis 1973 (ar athláimh)

An Daingean 27-29 Aibreán. Leabhrán bog, meirg ar na stáplaí, dath an chlúdaigh ídithe, ruachan air.

The Gems She Wore – A Book of Irish Places (ar athláimh)

James Plunkett. Arrow Books, 1978. Clúdach bog, riocht cuibheasach maith. Roic agus smál ar an chlúdach, an dath ídithe in áiteanna. Smál ar an taobh. Dorchú ar na leathanaigh, ach iad glan seachas nóta ar an leathanach cheangal. Smál uisce taobh istigh.

Leabhair Scoile

Bunscoil

Meánscoil