Skip to content
Glaoigh orainn/Call us: +353 (0) 1 478 3814

I mBéal an Phobail

Míreanna Mearaí Adhmaid – Ainmhithe Feirme

Is breá le feirmeoirí óga na Míreanna mearaí adhmaid. Is féidir feirm bheag a dheanamh leis an seacht n-ainmhí nó iad a chur le chéile mar aonad iomlán. Is bréagán iontach, láidir iad seo do lámha beaga agus do dhaoine ag foghlaim an teanga. Tá cuma alainn air leis!

Míreanna Mearaí Adhmaid – Contaetha na hÉireann (Éire) Ildaite

Míreanna mearaí déanta as adhmaid. Contaetha na tíre ar bhlocanna beaga adhmaid, ar féidir iad a bhaint dá chéile nó a chur ar ais san áit cheart. Oiriúnach do pháistí in aois 5+.

Míreanna Mearaí Cairtchláir A3 – Na Lochlainnaigh

Mireanna mearaí cairtchláír A3 a leiríonn cúrsaí taistil na lochlainnaigh

Míreanna Mearaí Adhmaid – Dathanna (Bogha Báistí/Tuar Ceatha)

Míreanna Mearaí Adhmaid: Dathanna (Bogha Báistí/Tuar Ceatha). Na dathanna atá san áireamh sa seit seo: dubh, bán, bándearg, donn, liath, corcra, gorm, glas, buí, oráiste agus dearg.

Thirty-Two Words for Field – Lost words of the Irish landscape

Saothar le Manchán Magan (i mBéarla) faoi théarmaí Gaeilge.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Cruimhíní

Míreanna mearaí adhmaid, cruimheanna beaga bídeacha! Aois 3+ Ó bholb go féileacán, bóín Dé agus beach – seo cuid de na cruimhíní a fheictear sa ghairdín.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Amuigh Faoin Spéir

Seit blocanna beaga adhmaid ar féidir iad a chur le chéile nó a bhaint dá chéile.

Prionta A4 – Samhlaíocht | Carn leabhar (Nine Arrow)

Prionta A4 le NineArrow. Níl fráma leis. Tá cairtchlár tiubh taobh thiar de.

Prionta A4 – Bród (NineArrow)

Prionta A4 le NineArrow.

Listen to the Land Speak – A journey into the Wisdom of what lies Beneath Us

Leabhar le húdar ‘Thirty-Two Words for Field’ agus ‘Tree Dogs, Banshee Fingers and other words for Nature’.

Míreanna Mearaí Adhmaid – An Siopa – Uimhreacha

Míreanna mearaí adhmaid – sa siopa! Aois 3+

An File Mícheál Ó Gaoithín – The Blasket Painter – Selected and Introduced by Maria Simonds-Gooding

Leabhar faoi sceitseanna agus obair phéinteála a rinne Mícheál ‘An File’ Ó Gaoithín.

**Réamhordú – Bealtaine 2024** Bran – Bréagán agus Leabhar i mBosca

Bréagán beag bog agus leabhar le chéile. Toisí an bhréagáin: 6x4x3 orlach. #SpraoiLeBran

Prionta A4 – Sliogáin Mhara na hÉireann (Nine Arrow)

Prionta A4 le Nine Arrow de shliogáin mhara choitianta na hÉireann.

That Place we Call Home

Leabhar Béarla le John Creedon mar gheall ar logainmneacha na hÉireann.

Prionta A4 – Aibítir | Cló Gaelach (Nine Arrow)

Prionta A4: an aibítir sa chló Gaelach, deartha ag Nine Arrow. Níl fráma leis.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Sa Bhaile

Seit blocanna adhmaid a thagann le chéile chun suíomh baile a chruthú, agus stór focal Gaeilge ar na blocanna. Déanta ag Alphabet Jigsaws.

Éigse Nua-Ghaedhilge Cuid a hAon 1600-1700 (ar athláimh)

Comhlucht Oideachais na hÉireann. Clúdach crua. Riocht maith go leor. Spota dúiche ar an imeall. An clúdach crua beagán caite ar an imeall.

Ar Chamachuaird Laisteas den tSionainn – Cuid I (ar athláimh)

Gearóid Mac Spealáin. Comhar-chumann Íde Naofa Tta., 1965. Clúdach bog, riocht maith. Smál ar an chlúdach, meirg ar na stáplaí. Bloc téacs an-ghlan.

The Four-leaved Shamrock and other tales (ar athláimh)

Sinéad de Valera. Fallons, c.1964. Clúdach crua le forchlúdach. Riocht maith go leor. Smál ar an bhforchlúdach agus é beagán caite ar na himill, stróicthe beagáinín in áiteanna. Na leathanaigh dorcha ach an-ghlan.

Irish Poems – From Cromwell to the Famine (ar athláimh)

A Miscellany. Translated and Arranged by Joan Keefe. Bucknell University Press, 1977. Clúdach crua le forchlúdach, riocht maith go leor. Smál agus dorchú ar an bhforchlúdach, atá caite ar an imeall. Dorchú ar an taobh. Na leathanaigh an-ghlan.

Eireaball Spideoige [1952] (ar athláimh)

Seán Ó Ríordáin. Sáirséal agus Dill, an chéad chló 1952. Clúdach crua le forchlúdach plaisteach, riocht maith. Smál ar an bhforchlúdach agus leathanach cheangal. Ainm an iar-úinéara scríofa taobh istigh. Bloc téacs an-ghlan.

Máirtín Ó Cadhain: Kirkegårdsjord (ar athláimh)

Máirtín Ó Cadhain: Cré na Cille. Arna aistriú go hIoruais Bokmal ag Rekdal, J. E. Oslo: Gyldendal Norsk. Husets Forlag, 2000. Clúdach bog, i riocht an-mhaith.

L’Attaque (ar athláimh)

Eoghan Ó Tuairisc. Allen Figgis & a Chuid, Tta., 1962. Clúdach crua le forchlúdach, riocht cuibheasach. Forchlúdach caite, stróicthe in áiteanna, agus smáil air. Spotaí ar an taobh. Ainm an iar-úinéara taobh istigh. Smáil ar na leathanaigh cheangail. Bloc téacs glan.

Rós Fiáin Lios an Daill (ar athláimh)

Caitlín Bean Uí Thallamhain. Clódhanna Teoranta, 1967. Clúdach bog, rioch maith go leor. Smál ar an chlúdach. Dorchú agus spotaí ar an taobh. Bloc téacs an-ghlan.

The Irish Harp / Cláirseach na hÉireann (ar athláimh)

Irish Life and Culture, XVI. Joan Rimmer. The Mercier Press, 1977. Clúdach bog, i riocht an-mhaith.

Dr Jekyll agus Mr Hyde [1929, crua] (ar athláimh)

Clúdach crua, forchlúdach leis. Spotaí ar an imeall agus ruachan istigh. Stampa iar-leabharlainne air. An forchlúdach beagán caite.

Ní Iontas go bhfuil an Spideog ag gearán (ar athláimh)

Dánta i nGaeilge, Poèmes en irlandais. Pádraig Breandán Ó Laighin. Coiscéim, 2011. Clúdach crua le forchlúdach, geall le leabhar nua seachas smál beag ar an bhfórchlúdach.

Proceedings of the Royal Irish Academy Volume Volume 61, Section C, No. 1. 1960 (ar athláimh)

Leabhrán, riocht an-mhaith. Brian Ó Cuív – A contemporary account in Irish of a nineteenth century tithe affray.

Education Policy in Twentieth Century Ireland (ar athláimh)

Séamas Ó Buachalla. Wolfhound Press, 1988. Clúdach crua le forchlúdach, riocht an-mhaith. Smál ó greamán ar an chlúdach, cúpla smál ar chúl. Dorchú ar an taobh. Na leathanaigh an-ghlan.

Scéalaíocht na Ríthe [crua, 1956] (ar athláimh)

Tomás Ó Floinn agus Proinsias Mac Cana a chuir in eagar. Micheál Mac Liammóir a mhaisigh. Sáirséál agus Dill. An Chéad Chló, 1956. Riocht maith. Smál ar an chlúdach agus tippex ar an droim. Dorchú ar imeall na leathanaigh.

Féar Suaithinseach (ar athláimh)

Nuala Ní Dhomhnaill. An Sagart, 1984. Sínithe. Leabhar bog, riocht maith. Cúpla marc air.

In Ireland Long ago (ar athláimh)

Kevin Danaher. Mercier Press. 1964. Clúdach bog. Riocht an-mhaith. Roic ar an chlúdach. Bloc téacs an-ghlan

Hidden Ulster (ar athláimh)

Pádraig Ó Snodaigh. Clodhanna Teo., An Chéad Chló, 1973. Dath an chlúdaigh ídithe agus smál air. Ruachan ar an leathanach teidil agus dorchú ar na leathanaigh ar fad.

Ealaí na Cócaireachta (ar athláimh)

Nóra Breathnach. Comhlucht Oideachais na hÉireann, Teor. Clúdach crua, gan fhorchlúdach, riocht maith. Dorchú agus smál ar an chlúdach. Bloc téacs an-ghlan.

An Choill Bheo (ar athláimh)

Éilís Diolún, an chéad chló, Oifig an tSoláthair, 1948. Clúdach leath-chrua, forchlúdach leis. Forchlúdach caite ar an imeall agus stróicthe ar bun sa lár. An leabhar féin i riocht an-mhaith, an-ghlan.

Ireland, Irishmen and Revolutionary America 1760-1820 (ar athláimh)

David Noel Doyle. The Mercier Press, 1981. Clúdach bog, riocht maith. Dath an droma agus clúdach ídithe. Roinnt smál ar an chlúdach. Bloc téacs an-ghlan.

Leabhair Scoile

Bunscoil

Meánscoil