Skip to content
Glaoigh orainn/Call us: +353 (0) 1 478 3814

I mBéal an Phobail

Listen to the Land Speak – A journey into the Wisdom of what lies Beneath Us

Leabhar le húdar ‘Thirty-Two Words for Field’ agus ‘Tree Dogs, Banshee Fingers and other words for Nature’.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Cruimhíní

Míreanna mearaí adhmaid, cruimheanna beaga bídeacha! Aois 3+ Ó bholb go féileacán, bóín Dé agus beach – seo cuid de na cruimhíní a fheictear sa ghairdín.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Amuigh Faoin Spéir

Seit blocanna beaga adhmaid ar féidir iad a chur le chéile nó a bhaint dá chéile.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Contaetha na hÉireann (Éire) Ildaite

Míreanna mearaí déanta as adhmaid. Contaetha na tíre ar bhlocanna beaga adhmaid, ar féidir iad a bhaint dá chéile nó a chur ar ais san áit cheart. Oiriúnach do pháistí in aois 5+.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Ainmhithe Feirme

Is breá le feirmeoirí óga na Míreanna mearaí adhmaid. Is féidir feirm bheag a dheanamh leis an seacht n-ainmhí nó iad a chur le chéile mar aonad iomlán. Is bréagán iontach, láidir iad seo do lámha beaga agus do dhaoine ag foghlaim an teanga. Tá cuma alainn air leis!

Prionta A4 – Sliogáin Mhara na hÉireann (Nine Arrow)

Prionta A4 le Nine Arrow de shliogáin mhara choitianta na hÉireann.

Muga – Bród – Cupán (NineArrow)

Muga/cupán le Nine Arrow a deir ‘Bród’. An dearadh buailte orthu de láimh, moltar iad a ní de láimh.

Thirty-Two Words for Field – Lost words of the Irish landscape

Saothar le Manchán Magan (i mBéarla) faoi théarmaí Gaeilge.

Míreanna Mearaí Adhmaid – An Siopa – Uimhreacha

Míreanna mearaí adhmaid – sa siopa! Aois 3+

Prionta A4 – Samhlaíocht | Carn leabhar (Nine Arrow)

Prionta A4 le NineArrow. Níl fráma leis. Tá cairtchlár tiubh taobh thiar de.

Míreanna Mearaí Cairtchláir A3 – Na Lochlainnaigh

Mireanna mearaí cairtchláír A3 a leiríonn cúrsaí taistil na lochlainnaigh

Míreanna Mearaí Adhmaid – Sa Bhaile

Seit blocanna adhmaid a thagann le chéile chun suíomh baile a chruthú, agus stór focal Gaeilge ar na blocanna. Déanta ag Alphabet Jigsaws.

Prionta A4 – Bród (NineArrow)

Prionta A4 le NineArrow.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Dathanna (Bogha Báistí/Tuar Ceatha)

Míreanna Mearaí Adhmaid: Dathanna (Bogha Báistí/Tuar Ceatha). Na dathanna atá san áireamh sa seit seo: dubh, bán, bándearg, donn, liath, corcra, gorm, glas, buí, oráiste agus dearg.

That Place we Call Home

Leabhar Béarla le John Creedon mar gheall ar logainmneacha na hÉireann.

Prionta A4 – Aibítir | Cló Gaelach (Nine Arrow)

Prionta A4: an aibítir sa chló Gaelach, deartha ag Nine Arrow. Níl fráma leis.

**Réamhordú – Bealtaine 2024** Bran – Bréagán agus Leabhar i mBosca

Bréagán beag bog agus leabhar le chéile. Toisí an bhréagáin: 6x4x3 orlach. #SpraoiLeBran

An File Mícheál Ó Gaoithín – The Blasket Painter – Selected and Introduced by Maria Simonds-Gooding

Leabhar faoi sceitseanna agus obair phéinteála a rinne Mícheál ‘An File’ Ó Gaoithín.

Faill ar an bhFeart (ar athláimh)

Séamus Ó Néill. Sáirséal agus Dill, An Chéad Chló 1967. Clúdach crua le forchlúdach plaisteach, i riocht an-mhaith. Smál beag agus dorchú ar imeall na leathanach. Bloc téacs an-ghlan. Nóta ón iar-úinéar taobh istigh.

Fuadach Juventus (ar athláimh)

Carlo Moriondo. Scéal eachtraíochta do dhéagóirí fásta arna aistriú ón Iodáilis ag Dónall Ó Cuill. Cló Chaisil, 1998. Clúdach crua le forchlúdach. Riocht an-mhaith, smál ar an bhforchlúdach agus marc nó dhó ar an leathanach teidil. Bloc téacs an-ghlan.

An Bhean Úd Thall (ar athláimh)

Clíodhna Cussen. Údarás na Gaeltachta, 1986. Clúdach bog, i riocht cuibheasach caite. Smál agus smál dí ar chuid mhaith den gclúdach agus ar na leathanaigh laistigh. Ruachan ar imeall na leathanach.

Ór Inis Tor (ar athláimh)

Seán Mac Maoláin. Oifig an tSoláthair, 1967. Clúdach crua gan fhorchlúdach, riocht an-mhaith. Cúpla marc ar an chlúdach, cúpla spota ar an taobh. Dorchú ar na leathanaigh cheangail.

Mahaffy – A Biography of an Anglo-Irishman [crua] (ar athláimh)

Clúdach crua, forchlúdach leis, caite in áiteanna agus píosa beag stróicthe de. Spotaí ar an imeall an bhloc téacs. Clúdach crua agus bloc téacs i riocht an-mhaith.

Faces of Old Leinster (ar athláimh)

A photographic and literary insight into Irish life 1875-1925. Art Ó Broin & Seán McMahon. The Appletree Press, 1978. Clúdach crua le forchlúdach, riocht maith. Smáil ar an chlúdach, dath beagáinín ídithe in áiteanna. Deannach ar an taobh. Bloc téacs an-ghlan.

An Tine Bheo (ar athláimh)

Mícheál Ó hOdhráin. Foilseacháin Náisiúnta Tta., an chéad chló 1965. Clúdach crua le forchlúdach, riocht maith go leor. Forchlúdach caite, agus smál air. Spotaí ar an taobh. Bloc téacs an-ghlan.

Old Gloucestershire Churches (ar athláimh)

Ed. J. Burrow & Co. LTD. A concise guide, especially compiled for motoring folks and others interested in the architecture of our churches, and also their contents, Screens, Fonts, Brasses, etc. W. Hobart Bird. Cóip iarleabharlainne. Riocht cuibheasach maith.

Rathfarnham – Gateway to the Hills (ar athláimh)

The Story of Rathfarnham Past and Present from the Dodder to Kilmashogue. The Local History Group, Rathfarnham Guild, Irish Countrywomen’s Association. Clúdach bog, riocht maith. Dorchú ar an imeall agus smál ar an chlúdach.

An Coinbhinsiún Eorpach um Chearta na Duine (ar athláimh)

Forchlúdach páipéir timpeall air. Na stáplaí i riocht maith.

Tine Chnámh (ar athláimh)

Liam Ó Muirthile. Sáirséal 1984. Clúdach bog, i riocht cuibheasach maith. Smál ar an gclúdach, dorchú ar imeall na leathanach. Fúáil an-theann ar fad.

The Zeal of the Convert (ar athláimh)

The Life of Erskine Childers. Burke Wilkinson. Robert B. Luce Co., Inc. 1976. Leabhar crua le forchlúdach, rioch maith. Smál agus dath ídithe ar an bhforchlúdach, an leabhar crua féin i riocht an-mhaith.

The Sea and the Easter Rising (ar athláimh)

John de Courcy Ireland. Maritime Institute of Ireland, 1996. Leabhrán bog, riocht an-mhaith. Clúdach rocach agus smál ar chúl.

Roibeart Emmet [1936] (ar athláimh)

Clúdach crua. Raymond W. Postgate do sgríobh. Níl forchlúdach leis. Niall Ó Domhnaill a d’aistrigh. Oifig Díolta Foillseacháin Rialtais. Riocht maith.

Gan Baisteadh (ar athláimh)

Tomás Bairéad. Sairséal agus Dill, An Chéad Chló 1972. Clúdach crua le forchlúdach, i riocht maith. Smal ar an bhforchlúdach, ruachan ar imeall na leathanach. Na leathanaigh laistigh an-ghlan.

Téarmaí Gramadaí na Sean-Ghaeilge (ar athláimh)

Grammatical Terms of Old Irish. Anders Ahlqvist a thiomsaigh. An Gúm, an chéad chló 1993. Leabhrán bog, riocht maith. Beagáinín deannaigh ar an chlúdach. Bloc téacs an-ghlan.

Linda (ar athláimh)

Pádraig Ó Snodaigh. Aistrithe agus curtha in eagar ag Rosangela Barone. Mobydick, 1997. Leabhán bog, i riocht an-mhaith.

Ár i gCor Chomrua (ar athláimh)

Ré Ó Laighléis. Móinín, 2007. Clúdach bog, riocht an-mhaith. Smál beag ar an chlúdach.

Coimpléascadh an Iain Uranail le Díorthaithe Arsónacha de Fínóil agus leis an Ia Cárbonáit (ar athláimh)

Mícheál Ó hEidhin, Coláiste na hOllscoile Gaillimh, 1970. Riocht an-mhaith, smál ar an gclúdach. 153 lth.

Flós Fómhair 1975 (ar athláimh)

Clúdach bog, dorchú ar an gclúdach. Riocht maith. Foilsithe ag An tOireachtas. In eagar ag Aogán Ó Muircheartaigh.

Leabhair Scoile

Bunscoil

Meánscoil