Skip to content
Glaoigh orainn/Call us: +353 (0) 1 478 3814
star Ciseán 0

I mBéal an Phobail

Míreanna Mearaí Adhmaid – Cruimhíní

Míreanna mearaí adhmaid, cruimheanna beaga bídeacha! Aois 3+ Ó bholb go féileacán, bóín Dé agus beach – seo cuid de na cruimhíní a fheictear sa ghairdín.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Ainmhithe Feirme

Is breá le feirmeoirí óga na Míreanna mearaí adhmaid. Is féidir feirm bheag a dheanamh leis an seacht n-ainmhí nó iad a chur le chéile mar aonad iomlán. Is bréagán iontach, láidir iad seo do lámha beaga agus do dhaoine ag foghlaim an teanga. Tá cuma alainn air leis!

Míreanna Mearaí Adhmaid – Contaetha na hÉireann (Éire) Ildaite

Míreanna mearaí déanta as adhmaid. Contaetha na tíre ar bhlocanna beaga adhmaid, ar féidir iad a bhaint dá chéile nó a chur ar ais san áit cheart. Oiriúnach do pháistí in aois 5+.

That Place we Call Home

Leabhar Béarla le John Creedon mar gheall ar logainmneacha na hÉireann.

Muga – Bród – Cupán (NineArrow)

Muga/cupán le Nine Arrow a deir ‘Bród’. An dearadh buailte orthu de láimh, moltar iad a ní de láimh.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Dathanna (Bogha Báistí/Tuar Ceatha)

Míreanna Mearaí Adhmaid: Dathanna (Bogha Báistí/Tuar Ceatha). Na dathanna atá san áireamh sa seit seo: dubh, bán, bándearg, donn, liath, corcra, gorm, glas, buí, oráiste agus dearg.

Listen to the Land Speak – A journey into the Wisdom of what lies Beneath Us

Leabhar le húdar ‘Thirty-Two Words for Field’ agus ‘Tree Dogs, Banshee Fingers and other words for Nature’.

An File Mícheál Ó Gaoithín – The Blasket Painter – Selected and Introduced by Maria Simonds-Gooding

Leabhar faoi sceitseanna agus obair phéinteála a rinne Mícheál ‘An File’ Ó Gaoithín.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Sa Bhaile

Seit blocanna adhmaid a thagann le chéile chun suíomh baile a chruthú, agus stór focal Gaeilge ar na blocanna. Déanta ag Alphabet Jigsaws.

Míreanna Mearaí Adhmaid – An Siopa – Uimhreacha

Míreanna mearaí adhmaid – sa siopa! Aois 3+

Míreanna Mearaí Cairtchláir A3 – Na Lochlainnaigh

Mireanna mearaí cairtchláír A3 a leiríonn cúrsaí taistil na lochlainnaigh

**Réamhordú – Bealtaine 2024** Bran – Bréagán agus Leabhar i mBosca

Bréagán beag bog agus leabhar le chéile. Toisí an bhréagáin: 6x4x3 orlach. #SpraoiLeBran

Míreanna Mearaí Adhmaid – Amuigh Faoin Spéir

Seit blocanna beaga adhmaid ar féidir iad a chur le chéile nó a bhaint dá chéile.

Prionta A4 – Bród (NineArrow)

Prionta A4 le NineArrow.

Prionta A4 – Sliogáin Mhara na hÉireann (Nine Arrow)

Prionta A4 le Nine Arrow de shliogáin mhara choitianta na hÉireann.

Prionta A4 – Samhlaíocht | Carn leabhar (Nine Arrow)

Prionta A4 le NineArrow. Níl fráma leis. Tá cairtchlár tiubh taobh thiar de.

Prionta A4 – Aibítir | Cló Gaelach (Nine Arrow)

Prionta A4: an aibítir sa chló Gaelach, deartha ag Nine Arrow. Níl fráma leis.

Thirty-Two Words for Field – Lost words of the Irish landscape

Saothar le Manchán Magan (i mBéarla) faoi théarmaí Gaeilge.

Saoghal Corrach (ar athláimh)

Clúdach crua, forchlúdach leis, forchlúdach eile breise fós lámhdhéanta leis. I riocht an-mhaith, an forchlúdach an-glan. Baile Átha Cliath, An Press Náisiúnta.

The Facts About Irish [1964] (ar athláimh)

Seán Ó Tuama. An Comhar Poiblí, 1964. Leabhrán bog, riocht maith. Smál ar an chlúdach, dorchú ar na leathanaigh.

Wales-Ireland A TV Contrast (ar athláimh)

Harri Pritchard Jones. Leabhrán bog, riocht cuibheasach. Ruachan ar an chlúdach agus taobh istigh.

No Hero in the House (ar athláimh)

Diarmait Mac Murchada and the Coming of the Normans to Ireland. O’Donnell Lecture. F.X. Martin. National University of Ireland, 1975. Leabhrán bog, riocht cuibheasach maith. Smál ar an chlúdach agus dorchú ar an droim. Meirg ar na stáplaí. Na leathanaigh glan.

Limerick Boycott 1904 (ar athláimh)

Anti-Semitism in Ireland. Dermot Keogh agus Andrew McCarthy, Mercier Press. 2005. Clúdach bog. Dath an chlúdaigh ídithe. Riocht an-mhaith. Bloc téacs an-ghlan.

History of Bray (ar athláimh)

Arthur Flynn. Mercier Press, 1986. Clúdach bog, riocht cuibheasach maith. Deannach ar an chlúdach, fíorbheagáinín caite ar an imeall. Na leathanaigh an-ghlan.

SHIÀNA (ar athláimh)

Peadar Ó Laeri. Clúdach bog, riocht cuibheasach maith. Clúdach ídithe. Droim stróicthe. Bloc téacs i riocht maith

Léas Ar Ár Litríocht (ar athláimh)

Pádraig Ó Fiannachta. An Sagart, 1974. Clúdach crua le forchlúdach, riocht cuibheasach. Forchlúdach caite, stróicthe ar chúl agus smál air. Bloc téacs an-ghlan.

Synge & Anglo-Irish Literature (ar athláimh)

Daniel Corkery. The Mercier Press, 1966. Clúdach bog, riocht maith go leor. Clúdach lúbtha agus beagáinín caite. Dorchú agus smáil air chomh maith. Na leathanaigh dorcha ach an-ghlan.

Man Bites Dog 4 (ar athláimh)

Donal Foley. The Irish Times. 1975. Clúdach bog, ríocht maith. Smál ar an chlúdach. Dath an druime agus an chlúdach ídithe. Bloc téacs an-ghlan. Imeall beaganín caite

Mac an tSagairt (ar athláimh)

Micheál Ó Conghaile. Cló-Iar Chonnachta, 1986. Clúdach bog, riocht maith. Dath ídithe ar an chlúdach, smál beag ar chúl.

Nuascéalaíocht 1940-1950 (ar athláimh)

Tomás de Bhaldraithe. Sáirséal agus Dill, 1968. Clúdach leath-chrua, riocht maith. Smál ar an chlúdach, roic ar an droim. Na leathanaigh dorcha ach an-ghlan.

Translittérature – Hiver 2013 (ar athláimh)

Côte à côte: Les métamorphoses de Kafka. Ils traduisent, ils écrivent: Entretien avec Diane Meur. Geimhreadh 2013, Uimh. 44. Leabhrán bog, riocht an-mhaith.

Gleann ar Ghleann (ar athláimh)

Michael Davitt. Sáirséal, 1981. Clúdach bog, i riocht maith. An clúdach beagáinín rocach, dorchú ar na leathanaigh.

An Crann Géagach (ar athláimh)

Aistí agus Mion-Scéalta. Pádraic Ó Conaire. Comhlucht Oideachais na hÉireann, Teoranta. Clúdach crua le smáil. Riocht maith. Bloc téacs glan.

The Woman at the Window (ar athláimh)

and Other Stories. Pádraic Ó Conaire. Aistrithe ag Eamonn O’Neill. The Talbot Press, Ltd., 1921. Clúdach crua gan fhorchlúdach, riocht maith. Dath an droma agus clúdach ídithe, cúpla smál ar an chlúdach. Cúpla smál ar na leathanaigh cheangail. Na leathanaigh dorcha ach an-ghlan.

Ciarán Fitzgerald agus Foireann Rugbaí na hÉireann (ar athláimh)

Breandán Ó hEithir. Coiscéim, 1985. Sínithe ag an údar. Clúdach bog, riocht maith. An leathanach cheangal ag éalú. Smál ar an chlúdach.

Uaigneas an Ghleanna & Chun na Farraige Síos (ar athláimh)

J.M. Synge. Aistrithe ag Tomás Ó Flaithearta. Sáirséal Ó Marcaigh, 1985. Clúdach bog, riocht maith. Cúpla marc ar an chlúdach agus na himill beagáinín caite. Na leathanaigh an-ghlan.

Na Buachaillí Dána (ar athláimh)

Cathal Ó Searcaigh, Gabriel Rosenstock agus ról comhaimseartha an fhile sa Ghaeilge. Pádraig de Paor. An Clóchomhar Tta, 2005. Clúdach bog, riocht an-mhaith. Smál beag ar chúl.

An Coimhthíoch (ar athláimh)

Séamus Mac Conmara. Oifig an tSoláthair, 1967. Clúdach crua gan fhorchlúdach, i riocht an-mhaith. Smál ar chúpla leathanach, go háirithe na leathanaigh ceangail. Síniú an iar-úinéara laistigh. Smál ar imill na leathanach freisin.

Leabhair Scoile

Bunscoil

Meánscoil